Prionsabail stiúrtha an Forógra Agile



Leanann muid na prionsabail seo:

Sí príomh-aidhm an tionscadail an custaiméir a shású
trí bhogearraí den scoth a sheoladh chuige
in am tráth agus go leanúnach.

Fáiltiú roimh riachtanais athraitheacha, fiú fada amach
san fhorbairt. Baineann Próisis Agile leas as an t-Athrú
chun buntáiste iomaíoch an chustaiméara a fháil.

Bogearraí cuí a sholáthair go rialta,
ó cúpla seachtain go cúpla mí,
le tús áite tugtha don ghearrthéarma.

Ní mór do lucht gnó agus luch forbartha
oibriú le chéile go laethúil i rith an tionscadal.

Tionscadail a chruthú do daoine díograsacha.
An timpeallacht agus tacaíocht a theastaíonn uatha a chur
ar fáil dóibh agus ligint leo féin an beart a chur i grích.

An t-agallamh le chéile an módh is feidhmiúla
agus is éifeachtaí chun faisnéis a chur i dtuiscint do,
agus i measc, foireann forbartha.

Bogearraí feidhmiúla an tomhas príomhúil den dul chun cinn.

Spreagann próiseasaí Agile forbairt chothaitheach.
Ba chóir go mbeadh cumas ag urratheoirí, forbatheoirí agus úsáideoirí
ráta tairiseach a choinneáil ar siúl gan teárma.

Cuireann aire leanánach ar fhoirfeacht theicniúil agus
dearadh maith le haclaíocht.

Tá an simplíocht riachtanach - 'sé sin an beart
a chur i gcrích leis an méid is lua oibre.

Fóirne féin-eagartha a thugann na riachtanais ailtireachta
agus na dearaí is fearr chun cinn.

Laistigh de threimhsí rialta machníonn an fhoireann ar bhealaí
chun bheith níos éifeachtaí agus déanann siad athtiúnadh
agus mionathrú san oibriú dá réir.




Ar ais go dtí an Forógra